School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 073
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha caitheamh aimsire a bhíodh ag na daoine thart anseo fadó. Seo cuid aca. Bhíodh na fir ag ardughadh clocha ag féachaint cé aca ba láidre.
    Cur i bhfolach na gcaipíní: Théigheadh duine síos ar a ghlúinibh agus níor b'fhéidir leis a bheith ag breathnughadh. Bheadh na caipíní ag duine eile, agus d'iarrfadh sé den duine ar a ghlúinibh cé'n breitheamhnas a ghabhfadh ar na caipíní is cébí rud a déarfadh sé chaithfeadh sé é sin a dhéanamh.
    Seo ceann eile: Théigheadh siad go dtí an loch agus na giolcaigh a bhíodh tagtha i dtír ann bhíodh siad ag cur clocha beaga isteach ina n-íochtar agus 'á gcur ag rith rásaí.
    Dathanna:
    Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo. Théigheadh 'chuile dhuine in aon líne amháin ach amháin beirt. Ansin bheadh dhá dhath ag an mbeirt agus an dath a b'fhearr leat ansin ghabhfadh tú ar taobh an té ar leis an dath.
    Bail ó Dhia ar na bulláin: Seo é an chaoi a n-imrightear é. Déanann siad fáinne mór agus beidh duine amháin taobh amuigh. An té is fearr leis buaileann sé buille air agus caithfidh sé rith ina dhiaidh. Nuair a bhíos greim fáighte air buaileann sé bos ar dhuine eile.
    Poll Coinín: Seo é an chaoi a n-imrightear an cleas seo: Déanann 'chuile bheirt poll agus gabhfaidh duine isteach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Níc an Íarla
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Marcus Ó Iarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway