School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 095

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 095
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá laethe airithe ann nach maith leis na daoine thart anseo tosú ag obair. Deir na sean daoine nach ceart aon obair a thosuigh Diardaoin amháin thríd an mbliadhain ar a dtugtar Diardaoin Dearg. Ní’l fhios ag aoinne cé’n Diardaoin ar a dtagann sé sin agus dá bhrigh sin deirtear nach ceart obair ar bith a thosuigh ar eagla go mb’é an Diardaoin Dearg a bhéadh ann.
    Ní maith le aoinne tosuigh ar obair Dia Satharn mar deirtear gur “tosuigh mall é tosuigh an t-Satharn.” Nuair a bhíos cruadhóg mór ar na daoine mar sin féin déirfidh siad “Satharn Muire agus cuirfidh Muire an t-ádh ar dhúinn.
    Deir cuid aca freisin nach ceart rud a thosuigh ar Dia Luain. “Tosuigh an Luan tosuigh an deamhain” a deireas na sean daoine.
    De réir sgéil ní thosuigheann einne de mhuinntir Conghaile ar aon obair go dtí Dia h-Aoine.
    Tá lá eile fós ann ar a dtugtar “Lá crosta na bliadhna” agus deirtear ’á dtagadh sé ar Dia Luain i mbliadhna go dtiocfadh sé Dia Máirt an chéad bliadhain eile. Ní maith le aoinne obair a thosuigh an lá sin acht mar sin féin is minic a tosuightear é ’á mbéadh cruadhóg mhór leis.
    Tá cuid de’s na daoine nach maith leo tosuigh ag bainnt féir Dia Luain nó Dia Ceadaoin. Má fhiafruigheann tú cé’n fáth déarfaidh siad “Loma Luain nó bearra Céadaoin ní bhíonn aon mhaith ann.”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonncadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Seosamh Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway