School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 093
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá laetheannta áirithe nach maith leis na daoine thart anseo aon obair a dhéanamh.Ceapann siad gur rud uathbhasach d'aoinne tosú ag romhar a gcuid talamh Dia Sathairn. Deirtear go mbíonn tosú an tSathairn mall.
    Ní bhaineann siad aon fheamuinn Diardaoin mar ní bheadh aon toradh maith ar aon rud a chuirfidhe ar an bhfeamuinn sin. Ní maith leo freisin aon rud nua a chaitheamh Diardaoin mar deirtear nach bhfuighidh sé an saoghal le é do chaitheamh.
    Nuair a bhíos daoine ag déanamh tighe is nós leo píosa airgid glas a chur i ngach coirnéal sa teach. Sé'n fáth go ndéanann siad é seo ná go mbeadh a ndóthain airgid aca go deo. Is Dia Luain a thosuigheas siad ar an teach mar sin é an lá is fearr le tosú ar aon obair.
    Nuair a bhíos daoine ag athrú isteach i dteach nua is maith leo athrú Dia Luain nó Dia Máirt agus má bhíonn an lá sin ag báisteach ní maith leo athrú. Má bhíonn cat aca fágann siad ina ndiaidh é sa seanteach mar ní maith leo cat a thabhairt isteach i dteach nua go mór mhór cat dubh.
    Nuair a bhíos daoine ag dul ag iasgach is maith leo tosú ar Dia Luain mar deireann siad féin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chuláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Mairtín Ó Chuláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway