School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 059
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is san Inid is mó a phósas daoine thart anseo. Pósann a lán aca Máirt na h-Inide mar ní féadfidís pósadh arís go mbeadh an Charrgaos thart.
    Tá laetheannta agus míosaí nach maith le daoine pósadh ortha. Ní maith leo pósadh i mí na Nodlag agus ní maith leo pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn mar tagann Diardaoin gach seachtmhadh bliadhan agus deirtear má dhéanann duine rud ar bith an lá sin nach mbeidh sé beo i gceann bliadhna agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é sin. Dia Céadaoin agus Dia h-Aoine na leatheannta is fearr leo pósaadh ortha.
    Seo rann atá aca:
    Dia Luain le h-aghaidh sláinte,
    Dia Máirt le haghaidh saidhbhris,
    Dia Céadaoin an lá is fearr ar bith,
    Diardaoin le h-aghaidh croiseanna,
    Dia h-Aoine le h-aghaidh briseanna agus
    Dia Sathairn an lá is measa ar bith.
    Nuair a bhíos fear ag iarraidh mná ní é féin a iarras í chor ar bith ach fear eile. Téigheann an fear eile go dtí teach na mná agus iarrann sé í. Má thaithnigheann an fear leis na tuismightheoirí tiubhraidh siad an inghean dhó. An chéad oidhche eile tagann an fear agus cúpla duine eile agus bíonn ól aca. Socruigheann siad ansin an lá a mbeidh an pósadh aca agus an spré a gheibheas an bhean.
    Is cuimhin le daoine pósaidhthe a bheith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Maitias Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway