School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 061
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an t-am is mó a bhíos na pósaidhthe thart anseo na i rith na h-Inide. Ní phósann siad i mí na Nodhlag na sa gCarrghaos. Siad na laetheannta is mó sa tseachtmhain a pósann siad ná Dia Ceadaoin agus Dia h-Aoine. Ní maith le na daoine pósadh Diardaoin ná Dia Satairn mar deirtear go dtagann Diardaoin uair gach seacthmhadh bliadhain agus má dhéanann siad aon rud an lá sin béidh siad caillte i gceann bliadhna. Diardaoin Dearg a tugtar ar an lá sin.
    Sé an chaoi a ndéantar cleamhnais ná fear a dhul go dtí an teach agus an bhean a iarraidh. Annsin dá mbeadh na tuismightheoirí sásta gabhfaidh an fear agus cúpla duine eile agus tugann siad ól leo. Tugann an t-ól thart do mhuinntir an tighe agus socruigheann siad cén spré a gheobhfaidh an bean. Airgead agus talamh an rud is mó.
    Bhíodh pósadh ins na tighthe fadó. Is i dteach a mbíodh na Faoisdíní ann a bhíodh an pósadh Nuair a thagaidís abhaile chraitheadh na daoine lámh leo. Ní maith leo eadach dearg a caitheamh an lá sin éadach gorm is fearr leo. Deirtear freisin an chéad duine a thagas amach doras an t-Séipéil sin é an chéad duine a caillfear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Níc an Ríogh
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway