School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 092
  3. XML “Scéalta faoi Oisín agus Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó nuair a bhí Oisín in éineacht le Naomh Pádraic bhí cailín aimsire ag Pádraig. Lá amháin thug sé cáca mór isteach chuig Oisín. "An bhfaca tú aon cháca ariamh i gCathair na bhFiann chomh mór leis sin" adeir sí. "Chonaic mé duilleog eibhinn a bhí chomh mór leis" adeir Oisín. "Thug tú 'téach" ar sise. Ansin thug sí miosgán ime isteach chuige. "An bhfaca tú aon mhiosgán ime chomh mór leis sin ariamh" ar sise. Chonaic mé caor chaorthain chomh mór leis" ar seisean. "Thug tú 'téach" ar sise. Ansin thug sí ceathradh caoir-fheola isteach. "An bhfaca tú aon cheathradh feola ariamh chomh mór leis sin" ar sise. "Chonaic mé ceathradh lon dubh chomh mór leis" a deir Oisín. "Thug tú 'téach" ar sise.
    Maidin lá'r na bhárach chuaidh Oisín agus buachaill aimsire Phádraig amach ag fiadhach agus thugadar cú leo. Bhíodar ag siubhal leo nó go dtáinig siad go dtí gleann mór leathan. Ansin ba ghearr go dtáinig lon-dubh a bhí chomh mór leis an gcú. D'ionnsuigh an lon-dubh agus an cú a chéile agus ba ghearr go bhfuair an cú an lámh uachtair agus chuir sé chun báis é. Ansin fuair Oisín caor chaorthain agus duilleog eibhinn. Bhí siad chomh trom is nach raibh an buachaill indhon iad a ardú. Thug Oisín abhaile chuig an gcailín iad agus nuair nár chreid sí é mharbhuigh sé í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Collector
    Stiophan Mac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Maíros, Co. Galway
    Informant
    Beartla Guairim
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway