School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 034
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní h-é an saghas céadna tighthe a bhíodh ann sa tsean aimsir is atá ann anois. Tighthe beaga déanta as clocha a bhíodh aca. Sé[n sórt deasughadh a bhíodh ar na tighthe seo ná fraoch agus tuighe. D'fhághadh siad an fraoch sa sliabh agus bhíodh sé ceangailte le saghas cíb agus sé'n t-ainm a bhí air ná súgán. Bhíodh leabaidh sa gcistineach agus sé'n t-ainm a thugtaoi air ná craiste. Sé an sean -fhear a chodluigheadh ann.
    Bhíodh an teine sa gcúinne ins na tighthe thart anseo. Ní bhíodh sé i lár an urláír ag aoinne. Ní bhíodh ar na tighthe ach aon doras agus mapa déanta as tuighe a bhíodh mar chomhla aca. Ní bhíodh fuinneog ar bith ar chuid aca agus ar na cinn a bhíodh ní bhíodh aon ghloinne ionnta ach tuighe curtha amach thríd. Bhíodh cuid eile agus chuiridís clóca in áit na fuinneoga agus bhaineadh siad amach iad sa samhradh.
    Sé'n sórt solus a bhíodh aca ná lampaí déanta as bosca stáin. Sé'n saghas buaicis a bhíodh aca ná píosa lín agus sé'n saghas ola a bhíodh aca ná geir a bhainidís as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Iarla
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Marcus Ó Iarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway