School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 032
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá deifríocht mhór idir tn tighthe a bhí ann sa tsean aimsir agus na cinn atá ann faoi láthair. Ceann cíbe a bhíodh ortha go léir beagnach agus is sa sliabh a d'fháigheadh siad an chíb seo.
Bhíodh leabaidh sa gcistinach i ngach teach aca seo agus sé fear an tighe a chodhluigheadh innte. Sé'n t-ainm a bhí ar an leabaidh seo ná craiste.
Is sa mbinn a bhíodh an teinteán i ngach teach. Ní bhíodh sé i lár an urláir in aon teach thart anseo ach bhíodh in áiteanna eile.
Ní bhíodh ar na tighthe seo ach aon doras amháin agus sé an sórt comhla a bhíodh ortha ná comhla déanta dethuighe a dtugtaoi mapa air. Ní bhíodh ortha ach aon fhuinneog freisin agus ní gloinne a bhíodh ionnta ach rud eile a dtugtaoi leasáid air.
Dá mbeadh siad ag cur fad as an teach ní siar as a chuireadh(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chúláin
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway
- Informant
- Máirtín O Chúláin
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway