School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 057
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhthe
    Sé an t-am is mo a bhíos posadh ná i rith na h-Inide. Siad na laethanta sa tseachtmhain is fearr leo posadh ná Dia Luain, Dia Máirt. Más soir a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Luain agus más siar a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Máirt. Dá mbeadh corp i dTeach an Phobail agus duine a bheith a dul ag posadh thiocfadh sé abhaile arís mar dá mbeadh clann aca béadh duine aca bodhar nó bacach. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin áirthe uair sa seachtmhadh bliadhain. Diardaoin Dearg a tugtar air agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é agus má dhéanann tú tada an lá sin ní bhéadh tú beo faoí cheann bliadhna.
    Sé an caoí a ndéantar cleamnais ná, ar dtús téigheann fear eicínt go dtí an teach ag iarraidh na mná. Má bhíonn na tuismightheoirí sásta tagann an fear a bhíos ag dul ag pósadh in aoinfeacht le cúpla duine eile agus bíonn ól aca. Tugann siad cuid den ól do na daoine eile agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann agus an spré is mó a gheibheas sí ná beithidhigh agus airgead. Má bhíonnan fear ag dul isteach i dteach na mná caithfear an talamh a shíghniú ina ainm.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac an Iarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway