School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 049
  3. XML “Muintir Flaithbhearta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad muintir Flaithbheartaigh a bhí i gceannas na h-áite seo fadó.Bhíodh ar na daoine beithidhigh a íoc leo. B'é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó díobh. Bhí caisleán togtha aige san 'san Áird agus tá an fothrach le feiceál fós.
    Bhíodh sé ag tógáil airgid agus beithidhigh ar dtús ach tar éis tamaill ní thógadh sé ach airgead. Ní raibh na doine ró-shásta a bheith ag tabhairt an airgid seo dó. Chuir sé baintreabhach as Inis Leacain as seilbh toisg nár thug sí airgead. I gceann tamaill mharbhuigh mac na baintreabhaighe é le urchar istigh sa gcaisleán.
    Tháinig na tighearnaí talmhan isteach ansin. Sé "Berridge" a bhí i gceannas na h-áite seo. Bhí caisleán tógtha aige thuas i mBaile na h-Inse ach chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am i Sasana. Fear as Cloch na Rón a bhíodh ag bailiú an chíos dó nuair a bhíodh sé imthighthe. Bhíodh sé seo ag iarraidh an méid brabach agus a d'fhéadfadh sé a dhéanadh ionnus go mbeadh sé aige dó féin.
    Bhí fear eile ina chomhnuidhe i Maighros agus Coirnéal Thompson an t-ainm a bhí air. Bhíodh deich bpunt le n-íoc ag na daoine ach thugadh siad isteach ins na "Land Courts" é agus ladhuightí é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chuláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Chúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway