School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 110
  3. XML “Scéal Béaloidis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean uasal i na comhnuidhe ins an Domhan Thoir uair amháin agus bhí sí an t-saidhbhir. Ag an am sin bhí daoine eile a bhí 'san áit an-bhocht agus bhíodh siad i gcomhnuidhe ag iarraidh déirce uirthi ach ní thiubhradh sí tada dóibh. Lá amháin chuir an bhean seo fios ar chaiptín luinge agus dubhairt leis a dhul go dtí an Domhan Thiar agus lán luinge den rud a b'fhearr a d'fheadfadh sé a fhághail a thabhairt chuici. Cheap an caiptín nach raibh rud ar bith a b'fhearr dó a thabhairt ná lán luinge de chruithneachtan. I gcionn bliadhna d'fhill sé agus an chruithneacht aige. Nuair a chonaic an bhean an rud a bhi aige bhí an olc uirthi mar bhí sí ag súil le rud ionghantach eicint. Ní dhearna sí ach an chruithneacht ar fad a chaitheamh amach sa bhfairrge. Nuair a chonaic an caiptín é seo bhí an-fhearg air agus dubhairt sé go dtiocfadh an lá fós a mhaith le builín aráin a bheith aca. Dubhairt sise nach dtiocfadh an lá go deo. Timcheall seachtmhain i na dhiaidh sin las an teach a raibh sí ann agus las a cuid airgid agus chuile rud. Tar éis tamaill bhí sí níos boichte ná aoinne dá raibh ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway