School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 069
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 2. Is iomdha saghas caitheamh aimsire a bhíos ar siubhal ag na buachaillí óga thart annseo. Seo cuid aca sin:
    Bíonn siad ag fiadhach coiníní agus girrfhiadhacha agus nuair a bhíodh na fiadhanna i gCruach na Caoile bhíodh siad ag dul amach dá bhfiadhach. Bíonn siad ag toruigheacht neadracha éan. Téigheann cuid aca amach ag an loch agus baineann siad giolcaigh. Cuireann siad cloch isteach ionnta agus cuireann siad amach ar an loch ag snámh iad.
    Téigheann siad amach ag seoltóireacht freisin agus bíonn siad ag seoladh báid bheaga. Bíonn caitheamh aimsire eile ar siubhal ag na cailíní freisin.
    Dathanna: Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo: Téigheann beirt amach agus toghann siad dhá dhath. Caitheann na cailíní eile ar fad ceann eicínt de na dathanna sin a thoghadh. Tosuigheann siad ag tarraingt annsin agus an chéad dream a thuiteas béidh an bhuaidh ag an taobh eile.
    Géibhíní: Seo é an chaoi a n-imrightear é.
    Bíonn duine amháin ina shionnach agus an chuid eile ina ngéabha. Bíonn an sionnach ag iarraidh breith ar na géabha nó go mbíonn siad ar fad aige.
    Fáinne: Seo an chaoí a n-imrightear é sin.
    Déanann said fáinne agus téigheann duine amháin isteach sa lár. Dúnann sé a chuid súile agus beireann sé ar dhuine eicínt. Caitheann an duine sin a dhul isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighreadh Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Chúláin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh Ithir, Co. Galway