School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 091

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 091
  3. XML “Scéalta faoi Oisín agus Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraig in Éirinn roimhe. Bhí sé cinnt air Oisín a athrú go dtí an Fíor Chreideamh agus bhíodh siad ag troid le chéile. Bhíodh Pádraig ag rádh go mb'é Dia an fear ba láidre sa domhain agus go raibh sé indhon rud ar bith a dhéanamh. Uair amháin dúirt Oisín leis "'Á bhfeicfinnse Goll Mac Mórna agus do Dhia ar an gcnocán glas úd thall déarfainnse go mba fhear maith é do Dhia 'á bhfeicfinnse Goll ar lár". Ansin thug sé amharc dhó ar an gcuuid eile de na Fianna a bhí ceangailte le slabhraí in Ifrinn agus sin é an t-am a d'athruigh Oisín. Nuair a bhí Naomh Pádraig 'á bhaisteadh chuir sé an bacla síos trí na cois. Nuair a bhí an baisteadh thart chonaic Pádraig an fhuil, d'iarr sé de cé'n fáth nár inis sé dhó é. Dúirt Oisín gur cheap sé go mba cuid de'n bhaisteadh é. Bhí sé ag taisteal na hÉireann in aoineacht le Naomh Pádraig nó go bhfuair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac an Íarla
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Colm Ó Ghaora
    Gender
    Male
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway