School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 066
- XML “Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha caitheamh aimsire a bhíos ag na daoine thart anseo le h-aghaidh laetheannta saoire an t-Samhraidh a chaitheamh. Seo cuid a bhíos ag na buachaillí. Gach Domhnach bailigheann siad i dteannta a chéile le h-aghaidh na gcluichí seo: Ceann an-choitcheannta is eadh asal agus cléibhín. Seo é an chaoi a n-imrightear é: Téigheann duine amháin síos ar a ghlúinibh agus téigeann duine eile ar 'chaon taobh dhe. Suidheann siad síos agus cuireann siad a gcosa suas aar dhruim an té atá ar a ghlúinibh. Beireann siad ar chosa a chéile agus bíon siad ag iarraidh a chéile a ardughadh.
Is minic freisin a bhailigheann siad na madaí le chéile agus téigheann siad chuig an gcnoc ar lorg sionnaigh. Dá mharbhóchadh siad é bhainfidís an ceann de agus dhíolfaidís é. Faigheann siad coróinn ar a cheann agus deich sgilleacha ar a chraiceann.
Laetheannta eile is amhlaidh a théigheann siad ag fiadhach coiníní nó girrfhiadhacha.
Muca mara: Seo é an chaoi a n-imrightear é.
Téigheann scata buachaillí amach ins an bpáirc agus croman siad síos. bíonn siad i ndiaidh a chéile. Éirigheann an duine deireannach(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway