School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuairim is dhá chéad bliadhain ó shoin nó tuille do bhí seanfhear agus seanbhean ina gcómhnuidhe sa mbaile seo a dubh-Ithir. Bhí siad an t-saidhbhir acht má bhí fhéin bhfearr leo bás a d'fhaghail leis an ocras ná pighinn a chaitheamh. Déin áit a raibh cómhnuidhe ná chíos i gcaladh na mbád. Chuir siad ciste i bhfolach faoi bun aille móire agus tá sé ann fós.
Ní rabhadar ró fhada ina gcomhnuidhe ann mar fuaireadar bás. Bhí fhios ag na cómharsanaigh go maith go raibh an t-ór i dtaisce acu. Oidhche amháin chuaidh beirt buachaillí óga amach 'á thóruideacht. Thosuigheadar ag cartadh san áit ar cheapadar é bheith acht ní raibheadar i bhfad mar sin nuair a d'fhuagaur an guth ortha imtheacht as sin go beo. D'imithigh agus ní raibh call é radh an darna uair leo. Is iomdha duine ariamh ó shoin a chuaidh ar a lorg acht dá mhéid deifir a bhiodh ag teacht ortha, bhiodh a sheacht n-oiread ag imteacht ortha. Sin é an fáth go dtugtar aill an taidhbhse ar an áit ó shoin.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chúláin
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway