Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 010
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim is dhá chéad bliadhain ó shoin nó tuille do bhí seanfhear agus seanbhean ina gcómhnuidhe sa mbaile seo a dubh-Ithir. Bhí siad an t-saidhbhir acht má bhí fhéin bhfearr leo bás a d'fhaghail leis an ocras ná pighinn a chaitheamh. Déin áit a raibh cómhnuidhe ná chíos i gcaladh na mbád. Chuir siad ciste i bhfolach faoi bun aille móire agus tá sé ann fós.
Ní rabhadar ró fhada ina gcomhnuidhe ann mar fuaireadar bás. Bhí fhios ag na cómharsanaigh go maith go raibh an t-ór i dtaisce acu. Oidhche amháin chuaidh beirt buachaillí óga amach 'á thóruideacht. Thosuigheadar ag cartadh san áit ar cheapadar é bheith acht ní raibheadar i bhfad mar sin nuair a d'fhuagaur an guth ortha imtheacht as sin go beo. D'imithigh agus ní raibh call é radh an darna uair leo. Is iomdha duine ariamh ó shoin a chuaidh ar a lorg acht dá mhéid deifir a bhiodh ag teacht ortha, bhiodh a sheacht n-oiread ag imteacht ortha. Sin é an fáth go dtugtar aill an taidhbhse ar an áit ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe