Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal Béaloidis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a baisteadh Oisín thug Naomh Pádraic go dtí a theach féin é. Bhí buachaillí agus cailíní ag Naomh Pádraic. Thaithnigh na buachaillí go mór leis ach bhí an ghráin aige ar na cailíní. Lá amháin bhí gadhair óga ag gadhar Naomh Pádraic agus ní raibh fhios aige cé aca a choinneochadh sé.Dubhairt an buachaill leis croiceann caora d'fhághail agus iad a chaitheamh leo agus an ceann deire a choinneochadh a ghríom a choinneáil.Chaith sé iad agus bhí an gríom deire ag ceann aca.
Choinnigh sé an ceann sin agus nuair a bhí sé bliadhain d'aois dubhairt an buachaill go raibh sé i n-am aca a dhul ag fiadhach.Ba ghearr gur mharbhuigheadar cúpla feadóg. Ansin chonaic siad sgamall ar an spéir agus dubhairt Oisín gur éan a bhí ann. Tháinic sé go dtí an áit a raibh siad agus lean an gadhar é agus mharbhuigh sé é. Bhí an gadhar ag fiadhach go deo gur thuit sé siar marbhú. Bhí Oisín agus an buachaill an-bhrónach i na dhiaidh. Tá sé ráidhte dá maireadh sé gurbh é an gadhar is fearr a bhí sa domhan ariamh é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maiteas Mac Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe