Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 008
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha áit a ndeirtear go bhfuil ór i bhfolach acht seo áit acu. Uair amhain bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe i dteach beag ar thaobh cnuic. Bhí siad an tsaidhbhir agus nuair a bhí na dubh-chrónaigh ag dul thart chuireadar an t-ór i bhfholach ionnús nach mbeadh baoghal ar bith go bhfhuigheadh na bitheamhnaigh é. Is é an áit ar chuireadar é faoi bhun aille ar thaobh an chnuic céadna.
Fuair an fear bás agus ní raibh fhios ah aonduine go raibh an ciste i dtaise. Oidhche amháin bhí fear do'n bhaile céadhna ag brionglóidíbh ar an gciste. Lá ar na bháireach le tuitim na h-oidhche chuaidh an fear ar a lorg. Tháinig sé go dtí an spota a raibh sé ag brionglóid air agus thosuigh sé ag baint. Ba ghearr a bhí sé mar sin nuair a chuala sé an guth ag radh leis, "fág in do dhiadh é sin is liomsa é." Is ar éigin a thug sé a anam abhaile leis le teann faithchís agus mise mbannaidh duit nach ndeacha sé ar a lorg arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Brighid Nic an Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe