Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 105
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 105
- XML “Na hAinmhithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beithidhigh
Leath-cholpa: leath-cholpa a thugtar ar bheithidheach ó dhá bhliadhain go dtí sé bliadhain.
Colpa: Colpa a thugtar ar bheithidheach trí bliadhna.
Gamhain: Gamhain a thugtar ar bheithidheach bliadhain nó dhá bhliadhain d'aois.
Bó gamhnach: Bó gamhnach a thugtar ar bhó nach raibh aon laoigh aici le bliadhain.
Bó sheasc: Bó sheasc a thugtar ar bhó nach mbíonn aon bhainne ná laoigh aici.
Laoigh: Laoigh a thugtar ar bheithidheach ó bhéarfar é nó go mbíonn siad leath-bhliadhain d'aois.
Sean-laoigh: Sean-laoigh a thugtar ar bheithidheach ó leath-bhliadhain nó go mbíonn siad bliadhain.
Loloigeach: loloigeach a thugtar ar bhó a bhíos tar éis laoigh.
Bó bhleasg: Bó a mbeadh bainne aici ach go mbeadh sí tamall maith tar éis laoigh.
Bó unlaoigh: Bó unlaoigh a thugtar ar bhó atá le h-aghaidh laoigh.
Bridóg: Tugtar bridóg ar bhó nach raibh aon laoigh ariamh aici agus í a bheith an-ghar do laoigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maiteas Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe