Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 106
- XML “Na hAinmhithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Caoirigh
Uan: Uan a thugtar ar chaora ó bheirtear é nó go mbíonn sé bliadhain.
Uasgán: UAsgán a thugtar ar chaora ó bhliadhain go mbíonn sé dhá bhliadhain d'aois.
Caora sheasc: Caora a bheadh trí bliadhna agus nach mbeadh aon uan aici.
Caora bhleasg: Caora a bheadh tamall maith tar éis uan a dtugtar caora bhleasg uirthi.
Rochadh: Tugtar rotha ar chaora feireann.
Molt: Caora feireann a bheadh an-ramhar a dtugtar molt uirthi.Caiple
Searach: Searach a thugtar ar chapall ó bhéarfar é go mbíonn sé bliadhain.
Bromach: Bromach a thugtar ar chapall ó bhíos sí bliadhain nó go dtí go mbíonn sí trí bliadhna.
Láir: Láir a thugtar ar chapall a mbíonn searrach aici.
Stail: Stail a thugtar ar chapall feireann.
Giorán: Giorán a thugtar ar chapall cailte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maiteas Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe