Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 110
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 110
- XML “Scéal Béaloidis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean uasal i na comhnuidhe ins an Domhan Thoir uair amháin agus bhí sí an t-saidhbhir. Ag an am sin bhí daoine eile a bhí 'san áit an-bhocht agus bhíodh siad i gcomhnuidhe ag iarraidh déirce uirthi ach ní thiubhradh sí tada dóibh. Lá amháin chuir an bhean seo fios ar chaiptín luinge agus dubhairt leis a dhul go dtí an Domhan Thiar agus lán luinge den rud a b'fhearr a d'fheadfadh sé a fhághail a thabhairt chuici. Cheap an caiptín nach raibh rud ar bith a b'fhearr dó a thabhairt ná lán luinge de chruithneachtan. I gcionn bliadhna d'fhill sé agus an chruithneacht aige. Nuair a chonaic an bhean an rud a bhi aige bhí an olc uirthi mar bhí sí ag súil le rud ionghantach eicint. Ní dhearna sí ach an chruithneacht ar fad a chaitheamh amach sa bhfairrge. Nuair a chonaic an caiptín é seo bhí an-fhearg air agus dubhairt sé go dtiocfadh an lá fós a mhaith le builín aráin a bheith aca. Dubhairt sise nach dtiocfadh an lá go deo. Timcheall seachtmhain i na dhiaidh sin las an teach a raibh sí ann agus las a cuid airgid agus chuile rud. Tar éis tamaill bhí sí níos boichte ná aoinne dá raibh ann.
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe