Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 099
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 099
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí saighdiúir bocht ann uair amháin agus bhíodh sé ag taisteal ó áit go háit. Lá amháin bhí sé ag imtheacht mar seo agus nuair a bhí an oidhche ag tuitim bhí sé an tuirseach. Sa deire tháinig sé chomh fada le bothán beag. Bhuail sé ar an doras agus tháinig sean-bhean amach chuige. D'iarr sé lóistín na hoidhche uirthi. Ní raibh sí sásta ar dtús ach ní imtheochadh sé agus sa deire thug sí dhó é. Dubhairt sí leis ansin go gcaitheadh sé obair a dhéanamh chun íoc as a lóistín. Nuair a d'éirigh sé ar maidin chuir an tsean-bhean amach é ag baint fataí.
Tráthnóna an lae sin bhí sé chomh tuirseach leis an lá roimhe sin. D'iarr sé lóistín na hoidhche uirthi arís ach ní raibh mórán fonn uirthi. Thug sí dhó é an oidhche seo freisin ach bheadh air obair a dhéanamh lá ar na bháirneach. Nuair a d'éirigh sé ar maidin dubhairt sí leis go gcaitheadh sé lampa draoí a bhí thíos ar íochtar tobair a thabhairt aníos chuici.
Rinne an saighdiúir amhlaidh agus bhí an tsean-bhean thuas ag féachaint síos air. Nuair a tháinig sé aníos thug sé buile do'n tsean-bhean agus chaith sé síos sa tobar í agus marbhuigheadh í. Ansin chuaigh sé go dtí an teach agus thug sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Mí Chúlán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe