Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 081
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 081
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ós a Chríost nár mór an áileacht i Pucán Mhicil Pháidín...”
Ós a Chríost nár mór an áileacht i Pucán Mhicil Phaidín
An lá sheol sí amach as Árainn ar árduigh sí an crann nua
In aghaidh fairrgí agus gála is na fairrgí bhí sí cháthadh
Go dtiocfadh sé 'na ghála ar dhá thaobh an chuain.Ní raibh samhail ar bith le fághail aice ach ar nós an bhradáin
'Bhíonn ag teitheadh ó'n a námhaidis nár spáráil ariamh siubhal
Nár b'fhearr liom innte seoladh lá fairrgí agus feochan
Ná a imtheacht ar na bóithribh i gcóiste nó ar carr.Nach cuimhneach libh an lá úd ar fhág sí amach céibh Charna
Nuair a bhí sí ag dul 'un geallta is é 'na ghála mhór
Nuair a tharraing sí cois gaoithe ag dul síos ag Leac na gCaorach
An fhairrge a bhí 'na timcheall bhí sé ag imtheacht ina cheo.Bhí tuairim is míle daoine cruinn ar dhruim an Mhaoilín
Mar bhí púcán "Baibsín" roimpe agus í molta na bád seoil
Ach séard dubhairt "Casey" Mhuighnse nuair a ghlan sí Cruach na Caoile
Go raibh sí fós le déanamh ceall bád a bhuailfeadh í sa tsiubhal.Nach i gCloch na Rón lá'r na bháireach lá fairrgí agus gála
A d'orduigh sagart Charna iad a chur go Sgeirde Mór
Is ní raibh ceachtar de na naoi gcinn timcheall Cruach na Caoile
Nuair a bhí bád seoil Mhuighnse stróicthe is cuid fear i dteach an óil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maíros, Co. na Gaillimhe