Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 061
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 061
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-am is mó a bhíos na pósaidhthe thart anseo na i rith na h-Inide. Ní phósann siad i mí na Nodhlag na sa gCarrghaos. Siad na laetheannta is mó sa tseachtmhain a pósann siad ná Dia Ceadaoin agus Dia h-Aoine. Ní maith le na daoine pósadh Diardaoin ná Dia Satairn mar deirtear go dtagann Diardaoin uair gach seacthmhadh bliadhain agus má dhéanann siad aon rud an lá sin béidh siad caillte i gceann bliadhna. Diardaoin Dearg a tugtar ar an lá sin.
Sé an chaoi a ndéantar cleamhnais ná fear a dhul go dtí an teach agus an bhean a iarraidh. Annsin dá mbeadh na tuismightheoirí sásta gabhfaidh an fear agus cúpla duine eile agus tugann siad ól leo. Tugann an t-ól thart do mhuinntir an tighe agus socruigheann siad cén spré a gheobhfaidh an bean. Airgead agus talamh an rud is mó.
Bhíodh pósadh ins na tighthe fadó. Is i dteach a mbíodh na Faoisdíní ann a bhíodh an pósadh Nuair a thagaidís abhaile chraitheadh na daoine lámh leo. Ní maith leo eadach dearg a caitheamh an lá sin éadach gorm is fearr leo. Deirtear freisin an chéad duine a thagas amach doras an t-Séipéil sin é an chéad duine a caillfear.- Bailitheoir
- Máire B. Níc an Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe