Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Scéalta faoi Oisín agus Naomh Pádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an am fadó nuair a tháinig Oisín ar ais ó Thír na n-Óg bhí Naomh Pádraic annseo in Éirinn. Lá amháin agus é ag dul thart casadh Oisín air. Bhíodar ag cainnt le chéile agus deirtear gur bhaist Pádraig Oisín. D'fhiafruig Naomh Pádraig dhe annsin ar mhaith leis Ifrinn a fheiceal agus dubhairt sé go mba mhaith. "Tá go maith" arsa Pádrai "siubhal uait liomsa." D'imrigheadar síos staighre mór dorchadhana faoí 'n dtalamh nó go dtáinig siad chomh fada le teine mhór. Chonaic Oisín duine de na Fianna agus súiste aige ag bualadh na ndiabhal. Ghlaoidh Naomh Pádraig ar an duine sin agus dubhairt sé leis trí guidhe a iarraidh agus go bhfuighead sé iad. Sé an chéad rud a diarr sé ná gán a shúiste briseadh go deo, an dara rud gan é a dhóghadh agus an treas rud nuair a bhéadsé ag dul á lasadh fod glas de thalamh na hÉireann a theacht idir é féin agus an teine. Fuair sé na trí guidhe sin agus annsin d'imthigh Naomh Pádraig agus Oisín leo nó go bhfeiceadh siad Purgadóir. Cheap Oisín nach raibh aon deifríocht idir Ifrionn agus Purgadóir acht nach raibh aon adharcha nach raibh aon adharcha ar na diabhail a bhí bPurgadóir. Tháinig siad arais go h-Éireann. Ba gearr ina dhiaidh sin gur cailleadh Oisín.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonncadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Maitias Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe