Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 083
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Ní maith liomsa tada rádh le mná Sheáín Uí Bhriain,
A bhfuil díol mac aodhaire dúthaigh ionnta ar stuaim agus ar chiall
Muinntir bhreágh fiúnntach a raibh rud aca ariamh
Le uachtar, im is cáis is le fághail go fairsing fial.
2.
'Á gcuirtí bád le fána lá gála gaoithe aniar
Ba ghearr uatha biadh agus ánnlaith i n-árus Sheáin Uí Bhriain.
Bhí ba is caoirigh bána aca is airgead á ndíol
Níor mhór liom Eogha na h-áite fhághail do mná bána Sheáin Uí Bhriain.
3.
Ó's shiubhail mise Oileáin Árann a bhí go maith ariamh
Shiubhail mé Co. an Chláir amach ó fairrge go sliabh
'Á dtéighinnse go Grinneal nó chomh fada théigheann an ghrian
Ní bhfuighinn aon mná b'fhearr liom ná mná bána Sheáin Uí Bhriain.
4.
Má théigheann tú go Co. an Chláir amach, is a bheith ag cáineadh Muinntir Bhriain
Ná cluineadh Brian an Ghleanna thú lucht dúthanna agus fíadhach
'Á bhfáighinnse saidhbhreas Sheoirse is scór eile fhághail na dhiaidh
Go mbéarfainn ar bharr láimhe ar mná bána Sheáin Uí Bhriain.
5.
Cailleadh an Diana agus shiubhal sí na seacht ríoghacht; cailleadh Polla, Juno agus Venus a raibh scéimh ortha ó Dhia
'Á bhfaighinnse mo roghann tré chéile is d'fhágainn iad mo dhiaidh
le súil go mbeinn i gcleamhnas
le mná bána Sheáin Uí Bhriain.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Mac an Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe