Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 087
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 087
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Na trí rud is deacra a thuigsint: Inntleacht na mban, Obair na mban agus Teacht agus imtheacht na taoille.
2. Na trí súil is géire amharc: Súil saoir ar chloch,Súil cait ar luch agus Súil sean-mhná ar mnaoi a mic.
3. Na trí rud is uaignighe: Cú ag tafann ar ard, Bean ag feadghaíl i ngleann agus Cearc ag glaodhach sa meadhon oidhche.
4. Na trí breac is tréine sa bhfairrge: Roc, Rón agus Ronnach.
5. Na trí breac is lugha sa bhfairrge: leathan, sgadán agus breac dearg.
6. Trí easgaine an tseanmhná ar a mac: A theach ar árd, ba bána ar a chuid, ba bána ar a chuid ba agus go mba bean bhreágh í a bhean.
7. Bean ag feadghaíl agus cearc ag glaodhach sin dhá rud nár orduigh Críost.
8. Dhá rud nach féidir a thogadh: bean agus rásúr.
9. Trí bhuaidh an chait: Solas sa dorchas, siubhal gan aireachtáil agus dearmad bean a' tighe.
10. Na trí breac is mó sa bhfairrge: míol mór, liathbhán mór agus sgabhairneach.
11. Na trí rud nach dtéigheann 'un comhnuidhe: Eas aibhne, Fíor mhadra uisge agus Árd diabhal Ifrinn.
12. An dá éan is deise ar bith: An spideog agus an Eala.(leanann ar an chéad leathanach eile)