Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 023
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 023
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-Aimsire
Tá comharthaí áithrid ag na sean-daoine le iad a threorú i gcóir na h-aimsire a bhíos le theacht. Seo cuid de na comharthaí sin agus sí an ghrian an comhartha is fearr.
An Ghrian
Má bhíonn sí an bhuidhe agus gan mórán soluis uirthi deir na sean-daoine gur comhartha cinnte bháistigh agus stoirme é sin. Má theigheann sí faoi buidhe bíonn aimsir te tirm air. Má's dearg a ghabhfas sí faoi bíonn aimsir bhreagh nó sioc air.
Is maith an comhartha í an ghealach freisin.
Nuair a bhíos fáinne mór thimcheall na geallaighe bíonn stoirm le teacht. Dá mbeadh bearna ar an bhfáinne sin thuaidh comhartha báistighe é.acht dá mbeadh bearna thoir iar bheadh aimsir breagh air.
Tá na sgamaill ina gcomharthaí chomh maith le ceann ar bith eile amannta.
Dá mbeadh sgamaill glasa dá gcaitheadh an tréan ar fud na spéartha is comhartha báistigh é. Nuair a bhíos sgamaill ghlas dhubh dá gcaitheadh i dteannta a chéile stoirm a bhíos air. Más ghlas ghorm nó sórt dubh ghorm comhartha tóirnighe é. Níl treo na gaoithe ró chinnte acht mar sin fhéin is minic a bhíos siad ceart.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe