School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 023
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Comharthaí na h-Aimsire
    Tá comharthaí áithrid ag na sean-daoine le iad a threorú i gcóir na h-aimsire a bhíos le theacht. Seo cuid de na comharthaí sin agus sí an ghrian an comhartha is fearr.
    An Ghrian
    Má bhíonn sí an bhuidhe agus gan mórán soluis uirthi deir na sean-daoine gur comhartha cinnte bháistigh agus stoirme é sin. Má theigheann sí faoi buidhe bíonn aimsir te tirm air. Má's dearg a ghabhfas sí faoi bíonn aimsir bhreagh nó sioc air.
    Is maith an comhartha í an ghealach freisin.
    Nuair a bhíos fáinne mór thimcheall na geallaighe bíonn stoirm le teacht. Dá mbeadh bearna ar an bhfáinne sin thuaidh comhartha báistighe é.acht dá mbeadh bearna thoir iar bheadh aimsir breagh air.
    Tá na sgamaill ina gcomharthaí chomh maith le ceann ar bith eile amannta.
    Dá mbeadh sgamaill glasa dá gcaitheadh an tréan ar fud na spéartha is comhartha báistigh é. Nuair a bhíos sgamaill ghlas dhubh dá gcaitheadh i dteannta a chéile stoirm a bhíos air. Más ghlas ghorm nó sórt dubh ghorm comhartha tóirnighe é. Níl treo na gaoithe ró chinnte acht mar sin fhéin is minic a bhíos siad ceart.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway