Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Muintir Flaithbhearta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sul ar tháinig na tighearnaí talmhan siad na Flaithbheartaigh a bhí i gceannas na h-aite seo. Bhíodh ar na daoine beithidhigh a íoc leo mar chíos. B'é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó aca. Bhí caisleán aige 'san Áird agus tá an fothrach an fós. Gach bliadhan bhíodh ar gach bean croca ime a thabhairt chuige in aoinfheacht leis an gcíos nó mara dtiubhradh bhaineadh sé na beithidhigh díobh.
    Bhí baintreabhach bocht 'na comhnuidhe ar Inis Leacain agus bhí aon mhac amháin aice. Nuair a bhí sé óg d'imthigh sé leis agus ní raibh fhios aice cá ndeachaidhe sé. I gceann fiche bliadhain nó mar sin tháinig sin tháinig sé abhaile agus é ina mháirnéalach. Nior aithnigh a mháthair é ar dtús agus nuair a bhí sé tamall istigh leag sí pláta fataí chuige. Chuaidh sé ag glanadh cuid de na fataí dó féin agus i gceann tamaill d'fhiafruigh sé di a raibh tada aice leis na fataí. Dubhairt sí leis nach raibh aice ach croca ime a bhí aice do Thadhg na Buille. Dubhairt sé léi cuid de a leagan chuige ach dubhairt sí nach bhféadfadh sí. Bhí sé 'á iarraidh uirthi agus sa deire thug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maitias Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe