Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 040
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 040
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is fearr go mor na tighe atá ann anois ná na tighe a bhíod aca fadó. Ní bhíod ag na daoine fadó acht aon balla amháin agus maidí curthu suas ina aghaid. Bhíod craoi, nó cíb, nó cidheoga nó barranaí mar cheann ortha. Fraoi is iondarmhail a bhíod aca. D'fhághadh siad é amuigh ar an slíab agus bhairnead siad na rútaí díobh agus chuireadh siad ar an teach é.Bhíod leabaid sa gcistin sa gcuid ba mhó de na tighe agus is é fear an tighe nó bean an tighe a chódluighead innte.Ní bhíod ar na tighe seo acht aon doras amháin agus rud déanca as tuighe ar a dtugaidís mapa air a bhíod mar chomla aca.Bhíod an similéar sa gcoirméal mbeagnac chuile theach agus ní bhiodh matal ar bith sa gcuid ba mhó agus bhíod siad lán le deatach.Bosga stáim a bhíod aca le h-aghaidh lampa agus chuireadh siad íle ann agus píosa éadaigh a bhíod aca le h-aghaidh buaicis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Mac an Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Marus Ó Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe