School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha áit a ndeirtear go bhfuil ór i bhfolach acht seo áit acu. Uair amhain bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe i dteach beag ar thaobh cnuic. Bhí siad an tsaidhbhir agus nuair a bhí na dubh-chrónaigh ag dul thart chuireadar an t-ór i bhfholach ionnús nach mbeadh baoghal ar bith go bhfhuigheadh na bitheamhnaigh é. Is é an áit ar chuireadar é faoi bhun aille ar thaobh an chnuic céadna.
Fuair an fear bás agus ní raibh fhios ah aonduine go raibh an ciste i dtaise. Oidhche amháin bhí fear do'n bhaile céadhna ag brionglóidíbh ar an gciste. Lá ar na bháireach le tuitim na h-oidhche chuaidh an fear ar a lorg. Tháinig sé go dtí an spota a raibh sé ag brionglóid air agus thosuigh sé ag baint. Ba ghearr a bhí sé mar sin nuair a chuala sé an guth ag radh leis, "fág in do dhiadh é sin is liomsa é." Is ar éigin a thug sé a anam abhaile leis le teann faithchís agus mise mbannaidh duit nach ndeacha sé ar a lorg arís.(continues on next page)- Collector
- Máire Brighid Nic an Ríogh
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh Ithir, Co. Galway