School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 027
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ní h-é an cineal ceadna aráin a bhíodh acu fada agus atá acu anois.

    3. Ní h-é an cineal ceadna aráin a bhíodh acu fada agus atá acu anois.
    Ní deintí aon arán as plúr fadó acht is amhlaidh go ndéanaidís é as cruithneacht nó min choirce agus as seagal agus eorna freisin.
    Mheileadh na daoine an gráinne sa mbaile le bró. Séard a bhí sa mbró dhá leac chruinn agus cuirtí an gráinne isteach idir iad agus castaoi ceann acu sa gcaoi go meileadh sé.
    Deintí arán as fataí agus bocstaí a tugtaí air. Déantar an saghas aráin seo fós. Ní bhíodh aon bhácús acu fadó mar atá anois. Sé an chaoi a gcuiridís an tlú treasna ar chúpla splainne agus annsin chuiridís slatacha treasna ar an tlú. Leagaidís an cáca treasna ar an tlú annsin go mbácáladh sé.
    Bhíodh bealach eile acu freisin le cácaí a bhácáil. Sguabaidís an luath go leathtaobh de'n tealach. Leagaidís an cáca ar an leic te agus chuiridís gríosach ó's a chionn. Cáca luaithe a tugtaí ar caca mar sin.
    Ainm: Stiophán Mac Gloinn
    Seoladh: Maghrus, Cárna.
    Ainm an tseanchaidhe: Colm Ó Luideáin
    Seoladh: Maghrus, Cárna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Stiophán Mac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Maíros, Co. Galway
    Informant
    Colm Ó Luideáin
    Gender
    Male
    Address
    Maíros, Co. Galway