School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 108
  3. XML “Scéal Béaloidis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a baisteadh Oisín thug Naomh Pádraic go dtí a theach féin é. Bhí buachaillí agus cailíní ag Naomh Pádraic. Thaithnigh na buachaillí go mór leis ach bhí an ghráin aige ar na cailíní. Lá amháin bhí gadhair óga ag gadhar Naomh Pádraic agus ní raibh fhios aige cé aca a choinneochadh sé.Dubhairt an buachaill leis croiceann caora d'fhághail agus iad a chaitheamh leo agus an ceann deire a choinneochadh a ghríom a choinneáil.Chaith sé iad agus bhí an gríom deire ag ceann aca.
    Choinnigh sé an ceann sin agus nuair a bhí sé bliadhain d'aois dubhairt an buachaill go raibh sé i n-am aca a dhul ag fiadhach.Ba ghearr gur mharbhuigheadar cúpla feadóg. Ansin chonaic siad sgamall ar an spéir agus dubhairt Oisín gur éan a bhí ann. Tháinic sé go dtí an áit a raibh siad agus lean an gadhar é agus mharbhuigh sé é. Bhí an gadhar ag fiadhach go deo gur thuit sé siar marbhú. Bhí Oisín agus an buachaill an-bhrónach i na dhiaidh. Tá sé ráidhte dá maireadh sé gurbh é an gadhar is fearr a bhí sa domhan ariamh é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maiteas Mac Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway