School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 075
- XML “Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha saghas caitheamh aimsire atá ag na daoine thart anseo. Bíonn cluichí faoi leith ag na cailíní agus ag na buachaillí. Seo cuid de na cluichí a bhíos ag na buachaillí.
Asal agus Cléibhíní: Seo é an chaoi le n'imirt. Gabhfaidh duine amháin síos ar a dhá ghlúin agus cuirfidh beirt eile a gcosa suas ar a dhruim agus béarfaidh siad ar lámhá ar a chéile. An duine is fuide atá indhon iad sin a iomchar sé is fearr.
Muca mara: Seo é an chaoi a n-imrightear é sin. Cromann go leor daoine síos agus tosócaidh siad ag léimneach thar a chéile.
ag rith ar choiníní,
ag rith ar asóga,
ag toruigheacht neadracha éan,
ag tógáil muiríní le bradóig,
ag caitheamh le marc,
ag dul go dtí na h-Oileáin ag tóruigheacht uibheacha faoileáin agus gúiróga,
ag tóruigheacht iasgáin,
Dallóg: Seo é an chaoi a n-imrightear é: Cuireann duine píosa éadaigh ar a chuid súile agus bíonn sé ag iarraidh breith ar na daoine eile. Má chliseann air breith ar dhuine ar bith caithfidh an duine sin an dallóg air.(continues on next page)- Collector
- Maitias Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway
- Informant
- Seosamh Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway