Sé'n t-am de'n bhliadhain is mó a bhíos pósaidhthe ná san Inid. Bíonn go leor daoine ag pósadh ar Mháirt na h-Inide mar ní bhíonn cead aca pósadh sa gCarrghaos. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn. Tagann Diardaoin amháin uair gach seachtmhadh bliadhain agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é. Má phósannn aoinne ar an Diardaoin sin beidh sé caillte roimh bliadhain. Diardaoin Dearg an t-ainm atá air. Seo é an chaoi a ndéantar cleamhnais: Tagann duine isteach agus iarrann sé an inghean ar na tuismightheoirí. Má bhíonn siad sásta tagann an fear agus beirty fhear eile chuig an teach agus bíonn ól aca. Tugann siad ól do mhuinntir an tighe agus déanann siad an cleamhnas agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann. Tugann na tuismightheoirí spré éicint do'n inghean. Is stoc nó airgead tugtar di de ghnáth ach is minic a thugtar talamh di freisin dá mbeadh an dá theach gar dó. Fadó phósadh an sagart sa teach a mbíodh na faoisdíní ann. Bhíodh an-spóirt ag na daoine nuair a bhíodh pósadh ann sa tsean-aimsir. Tá sé ráidhthe nach ceart éadach dearg a chaitheadh nuair a bhíos duine ag pósadh. Is éadach gorm is fearr ar fad. Má bhíonn corp i dTeach an Phobail bíonn an mí-áth ar aoinne a phósas an láMáire Ní Chonghaile