A Dhia agus a Mhaighdean Mhuire do tug slán me féín agus mo páisdín ó bhás codhalta aréir go lá geal indiu. Go sábháilidh in gach chuile olc go sábháilidh sibh sinn idir anam agus corp.
Triúr is sine an triúr is óige an triur is deise i bhflaitheas na glóire. An t-athair an Mac agus na spiorad naomh go mba sábháil agus go mba ghárdáíl ó nocht go dtí bliadhain ó nocht agus anocht féín.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »