Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eachléim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Dá mbeadh dhá shocraid ag dul go dtí an roilig bheadh siad ag coimhlint go mbeadh siad san roilig ar dtús ar fhaitchios go mbeadh an duine deirneach ag faire an teampaill. Nuair a bhíonns beirt ag pósadh deirtear nuair a d'fágaidís an teach dá gcaithfeá cupla sean bhróg in a ndiaidh go mbeadh an t-ádh ortha.

Deirtear nach bhfuil sé ceart gan pláta fatai nó rud éigin a chongbháil go na daoine maithe oidhche Shamhna mar go mbíonn na taidhbhsí ag dul thart an oidhche sin. Deirtear nach bhfuil sé ceart dul amach ar an bhfairrge lá Samhna mar go mbíonn na taidhbhsí uilig ar an bhfairrge. Deirtear dá mbeadh aoinne amuigh go mall oidhche Shamhna agus aon rud a chasadh dóibh go dtiubradh na daoine maithe leóbh agus go gcaitheadh siad sean duine éicint eile in a n-áit.
S. Ní Mhaoineachain, Glais

Bailitheoir
Síle Ní Mhaoineachain
Inscne
baineann
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Antaoine Ó Maoineacháin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
66
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge