School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear siúil ag gabháil ar fuaid na mball so fadó agus do ghlaoigh sé chun tí ag lorg lóistín na hoíche. Duairt fear a’ tí leis go bhfaigeadh agus fáilte ach go gcaithfeadh sé scéal fiannaíochta a insint. Do bhí an tráthnóna fuar, fliuch. Ní raibh aon scéal fiannaíochta ag an bhfear mbocht ach d’fhonn gan é a chur amach do gheall sé go neosadh.
Sea, nuair a tháinig an oíche, agus nuair a bhíodar timpeall na tine, socair síos, duairt fear a’ tí leis tosnú ar an scéal. Do thosnaigh sé mar seo:- “Do ghaibh Fianna Éireann,” ar seisean, “an cnoc suas lá agus do ghabhadar an cnoc anuas lá.” Do lean sé air mar sin á rá agus ní raibh sé ag dul níosa shia ar an scéal. “Darfa Dia,” arsa fear a’ tí, “cuir amach as an gcnoc uair éigin iad.”(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork