Bhí file buile ann fadó agus aon oíche amháin bhí sé ana-dhéanach sa tsráid. Bhí sé ag déanamh amach ar an bhuille a chlog nuair a bhí sé ag dul abhaile. Do bhí air gabháil thar droichead. Deirtí go bhfeictí sprid ann agus nuair a tháinig sé chomh fada leis an áit bhí an sprid ann roimis. Do labhair an sprid; ar sise:- “Coinneal agus coinnleoir ann – Cuirse leathrann leis sin.” Arsa an file:- “Cuileann do bainfí um Shamhain Do chuirfeadh sé díon [leg. ceann] ar thigh.” Arsa an sprid:- “Coinneal agus coinnleoir ann – Cuirse leathrann leis sin.” Arsa an file:- “Muileann ar lár na habhann Is é ag scilicheadh thall sa bhfus.” Arsa an Sprid:- “Coinneal (etc)
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »