Síle Ní Luasaigh, Carraig na Damhra. Aois – Trí bliana déag
18-2-’38
Béaloideas – Scéal
Do bhí tórramh ann fadó. Bean a’ tí a bhí marbh. Theastaigh ó fhear a’ tí í a chur i gCill Chré agus theastaigh ó mhuintir na mná í a chur i nDomhnach Mór.
Bhí Eoghan Rua istigh agus duairt sé mar seo leis an sagart: “A Athair,” ar seisean, “ós duine den chléir tusa a léigh na húdair chóir, ciocu is giorra
Flaitheas Dé do Chill Chré nó don Domhnach Mór?”