School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Michael Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fé do'n ngréin sin cómharthaí droch aimsire.
Ainmidhche:
Aithnígheann daoine leis droch-aimsir ar ainmhidhche mar an cath agus an madra. Nuair a bhíonn an cath ag scríobadh sin cómharthaí droch aimsire, agus nuair a tugann sé a thún don dteine sin cómharthaí droch-aimsire. Nuair a bhíonn an madra ag ithe an fhéir ghlais sin cómharthaí droch-aimsire. Nuair a bhíonn sceónghail i mbolg an mhadra sin cómharthaí báistíghe.
Réilthíní:
Tá cómharthaí leis ann lé na n-aithníghtear an oidhche a bheith ag cur seaca mar bíonn na réiltíní ana lasta suas agus bhíonn an oidhche ana lasta suas ag na réiltíní agus é fuar go maith.
Eanlaithe:
Siad na h-eanlaithe is mó go n-aithníghtear droch aimsir ortha ná: na "cuirliúin"(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry