Níl aon fheirm againn ach cuirimíd prátaí i ngort le duine éigin eile! Siad an buachaill aimsire agus m'athair a d'ullmhuigheann an talamh na gcóir. Leathtar aoileach ar an ngort sar a gcuirtear na prátaí. Tairrigtear an taoileach ó'n mbuaile 'dtín ngort, agus leathtar ar an ngort é le píce agus le sluaisaid. Deintear le céachda nó le ramhainn na leabthacha i gcóir na bprátaí. Ní chuireann aoinne sa cheanntar so prátaí i ndrilleanna.
Úsáideach céachtaí adhmaid annso, sar a dtáinig an chéachta iarainn.
Ní úsáidtear fós iad. Deintí na raimhne go léir sa chéardchain fadó bíonn súil ar gach scioltán, agus bíonn siad istigh i mála go nglaodhtar, urlach air, ag an nduine a bhíonn ag sáthadh. Dúntar
(continues on next page)