Bhí gála mór annso an 6adh lá d'Fheabhra 1920. Bhí Máighréad Thomáis nó Máighréad Bean Thomáis 'A' Cearail fé chlár an oídhce sin. D'óbair don gcorp a bheith tógtha don mbórd. Séideadh na slinnte do's na tighthe agus leagadh na slinnte do thig Shéamúis do hÓra agus do tógadh an cliathán leis. Tógadh na slinnte do thigh Liam Uí Lúghaing: lastiar an lá bhí Seán Mac Dómhnaill ó'n gColony á chur bhí báisteach agus tóirneach agus gaoth agus splanncacha ann. Caitheadh an corp a d'fhágaint i roilig
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »