Bhí fear ann fadó a dheineadh hataí olna. Bhídís fé mar a bheadh siad déanta de bhréid reamhar láidir. Annsan dháthuigeadh fear eile iad.
Tairgní
Bhí fear eile ann go nglaodhtaí an t-aigléaráidhe air. Bhíodh sé seo ag déanamh tairgní as stán.
Tá sean-fhocal fós ann "Tá sé ag obair ar nós an aighlearaidhe", a deirtear. Bhí duine aca ag obair i mbóthar An Góirín sa Daingean timcheall trí fhichid bliain ó shoin.
Fíghe
Ní raibh aon tig ann fadó ná raibh seol nó dhá sheol fíghead óireachta ann. Ní raibh aon
(continues on next page)