Sgéal Grinn.
Bhí fear i Leathtaoibh Beag fadó.Éamónn Ó Muirchearta a b'ainm do.
An t-aonach a bhí chugainn bhí cúpla beithidheach maith aige le tabhairt ar an aonach.
Chuaidh sé An Daingean maidin Dé Satharin. Tháinig ceannuightheóir chuige, ach ní bheadh Eamonn sásta leis an airgead a bhí an ceannuightheoir ag tarrac do ar na beithidhig. Bhíodar ag áiteamh ach go h-áirighthe, agus d'éirig achrann eatortha sa deire. "Excuse me", ars'n ceannuightheóir. "Dhera cá bhfhaginnse iasg úr duit", arsa Eamonn.
Ní thuig sé an ceannuightheóir.
(continues on next page)