Nósa Oídhche Shamhna.
Fadó annso timcheall bhíodh sé ana dhéanach nuair a baintí na prátaí.
Oídhche Shamhna nuair a thagadh a' mitheal abhaile sé an chéad rud a dheinidis ná na raimhne a chaitheamh an teine chun a chur i n-iúil go raibh an clabhsúr aca. Fágtaí ann iad uaireanta go dtí go mbeidís dóighthe, mar ni bheadh aon ghnó mór aca don raimhin i rith na bliana arís. Annsan dheineadh bean a' tighe císte mór staimpí de's na prátaí nuadh.
T'réis bídh bhíodh rinnce agus sport aca.
Cuirti dha phóire fe'n luaith agus nuair a bhídís barra dóighte cuirtí isteach i muga iad.
(continues on next page)