School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 360

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Tá cloch mór eile ann, agus deirtear go bhfuil Easbog curtha fuithi seo. Tá R.I.P. scríobhte uirthe, agus tá na litreacha Q.H.P. scriobhte uirthe mar an gcéadhna.

Lios Imeallátha:
Tamall ó shoin bhí an lios seo ar lasadh. Saghas éigin ruda atá san chré a chuireann ar lasadh í. Déanamh ciorcalach atá ar an lios seo leis, agus tá claidhe cuibheasach mór mór-dtimcheall air. Deirtear go bhfuil sé lán de mhná sídhe. Seo scéal 'na thaobh.
Bhí cailín ag dul ar sgoil lá, agus nuair a bhí sí ag gabháil tharais an lios, tháinig bean sídhe amach, agus thug leí isteach í. Chaith sí an lá san lios, agus scaoileadh abhaile í, nuair do