School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 354

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

annso ná féadfhaimís a chur anáirde". "Is mó fear a chuirfheadh anáirde ina aonar í" ar Míceál. Dubhairt duine aca "na cuirfheadh Oscar féin anáirde í an lá is fearr a bhí sé". Bhí prioc, preac aca air, go dtí go gcaith sé dhe a chasóig, rug ar an gcloich, agus chuir anáirde ar an gclaidhe í. Tá an chloch san ann fós i bhfeirm Sheáin Uí Dhubháin san g-caisleán.

Fir Reatha:
Bhí fear i bhparróiste Liospóil uair, agus bhí ana cháil air chun reatha. Gearaltach do b'eadh é. Lá an chíosa do dhiol do chuaidh sé an Daingean mar a raibh an Tiarna talmhan ag tógaint an airgid. Dubhairt an Tiarna talmhan ná toghfhadh sé aon chíos uaidh , mar chualaidh sé go raibh

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Loinghsigh
Gender
male
Address
Reask, Co. Kerry
Informant
Tomás O Mainín
Gender
male
Address
Reask, Co. Kerry
Language
Irish