School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Michael Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean i Muilean béal átha fadó, agus Cáit Ní Shúileabháin a b'ainm di. Bhí sí pósta agus bhí a fear i bpríosún i dtráighlí. An lá so bhí cúirt le beith ar an bhfear i dtráigh lí agus chuaidh sí féin ann chun fidhnéacht do dhéanamh do. D'fhág sí an Muileann nuair a bhí an ghrian ag gobadh aníos ar maidin agus thug sí leanbh ar a bhacalainn leí, agus bhí sí féin agus an leanbh agus a fear aige baile sul a raibh an ghrian dulta fé tráthnóna. Sin dhá mhíle is ceithre fichead an turas ar fad.Bhí fear eile i gClochar agus bhí sé ar meisge ag teacht abhaile oidhche agus rug na gárdaí air agus cuireadar fineáil air. Ar maidin lae na cúirte, tháinig sé go tig na ngárdí i mbaile'n fheirtéuraig dúbradar leis na raibh aige acht trí ceathramha uaire cluig chun bheith thíos i gcóir na cúirte. D'fhág se tig na(continues on next page)
- Collector
- Seamus Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Informant
- Dómhnaill Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry